Le haghaidh na nuashonruithe is déanaí don chomhad seo, féach ar http://www.openoffice.org/welcome/readme.html
Tá eolas tábhachtach sa chomhad seo faoin gclár seo. Léigh é go cúramach roimh dhul i mbun oibre, le do thoil.
Ba mhaith le Comhphobal OpenOffice.org, ar a bhfuil sé de chúram an táirge seo a fhorbairt, cuireadh a thabhairt duit bheith i do bhall den chomhphobal. Agus tú i d'úsáideoir nua, tig leat eolas úsáideach a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin LibreOffice ag http://www.openoffice.org/about_us/introduction.html
Léigh freisin an méid thíos faoi bheith páirteach i dtionscadal OpenOffice.org.
Tá LibreOffice saor in aisce do chách. Tá cead agat an chóip seo de LibreOffice a shuiteáil ar an oiread ríomhairí agus is mian leat, agus é a úsáid le haghaidh cibé gnó a theastaíonn uait (tráchtáil, rialtas, riarachán poiblí agus oideachas san áireamh). Le haghaidh tuilleadh eolais, feic an téacs ceadúnais a tháinig le LibreOffice nó http://www.openoffice.org/license.html
Tá tú in ann an chóip seo de LibreOffice a úsáid inniu saor in aisce mar thoradh ar an dearadh, forbairt, tástáil, aistriúchán, doiciméadú, tacaíocht, margaíocht agus cabhair eile a rinne rannpháirtithe aonair agus urraitheoirí corparáideacha ionas go mbeadh LibreOffice ar an bpríomhbhogearra oifige foinse oscailte.
Má tá tú buíoch as a gcuid oibre, agus más mian leat cinntiú go leanfaidh OpenOffice.org amach anseo, smaoinigh le do thoil faoi bheith rannpháirteach sa tionscadal - féach ar http://contributing.openoffice.org chun tuilleadh eolais a fháil.
Eithne Linux, leagan 2.6.18 nó níos airde
glibc2, leagan 2.5 nó níos airde
gtk, leagan 2.10.4 nó níos airde
Ríomhaire comhoiriúnach do Pentium (moltar Pentium III nó Athlon)
256 MB RAM (512 MB RAM molta)
1.55 GB spás diosca inúsáidte
Freastalaí X le taifeach 1024×768 nó níos fearr (moltar taifeach níos airde), agus 256 dath ar a laghad
Bainisteoir Fuinneog
Gnome 2.6 nó níos déanaí, le pacáistí gail 1.8.6 agus at-spi 1.7, chun tacú le huirlisí teicneolaíochta cúnta (uirlisí AT)
Tá réimse leathan de dháileacháin Linux, agus fiú i ndáileachán amháin is minic roghanna éagsúla suiteála a bheith ar fáil (KDE vs Gnome, srl.). Bíonn a leagan ‘dúchasach’ de LibreOffice ag dáileacháin áirithe, a d'fhéadfadh gnéithe a bheith iontu atá difriúil ón LibreOffice Comhphobail seo. Uaireanta is féidir an LibreOffice Comhphobail a shuiteáil ag an am céanna agus an leagan ‘dúchasach’. De ghnáth, áfach, bíonn níos sábháilte an leagan ‘dúchasach’ a bhaint roimh shuiteáil an leagan Comhphobail seo. Lorg eolas faoi conas é sin a dhéanamh i ndoiciméadú do dháileacháin.
Moltar duit cúltaca a dhéanamh ar do chóras nuair a shuiteálann tú bogearraí nua, nó nuair a bhaineann tú bogearraí ó do chóras.
Cinntigh go bhfuil go leor spás saor agat i gcomhadlann shealadach do chórais agus go bhfuil cead léite, scríofa agus reatha agat ann. Dún gach clár eile roimh thús a chur leis an tsuiteáil.
Nuashonraíodh Berkeley DB sa leagan seo de LibreOffice. Mar gheall ar an nuashonrú seo, tá neamh-comhoiriúnacht nua ann a bhaineann le sonraí úsáideora le haghaidh eisínteachtaí a suiteáladh i leaganacha de LibreOffice roimh 3.2. Seans go mbeadh ort aire a thabhairt don fhadhb seo dá n-íosghrádófá do leagan de LibreOffice.
Nuair a shuiteálfar nó a bhainfear eisínteachtaí, tiontóidh an leagan seo de LibreOffice do bhunachar sonraí eisínteachtaí go dtí formáid atá comhoiriúnach don Berkeley DB nua. Tar éis an tiontaithe, ní bheidh an bunachar sonraí inléite ag seanleaganacha de LibreOffice. Má íosghrádaíonn tú go dtí seanleagan de LibreOffice, ní oibreoidh sé mar is ceart.
Má íosghrádaíonn tú go dtí leagan níos sine de LibreOffice, ní mór duit comhadlann na sonraí úsáideora {user data}/uno_packages a bhaint, mar shampla ~/.openoffice.org/3/user/uno_packages, agus gach eisínteacht a athshuiteáil.
Má bhíonn fadhbanna tosaithe agat le LibreOffice (agus Gnome in úsáid agat go háirithe), díshocraigh an athróg thimpeallachta SESSION_MANAGER sa bhlaosc a úsáideann tú chun tús a chur le LibreOffice. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an líne "unset SESSION_MANAGER" a chur ag tús na scripte blaoisce soffice atá sa chomhadlann "[fillteán OpenOffice]/program".
Is minic tiománaí an chárta ghrafaice a bheith freagrach as fadhbanna i dtosú LibreOffice (m.sh. stopann feidhmchláir) chomh maith le fadhbanna i dtaispeáint ar an scáileán. Má tharlaíonn fadhbanna mar sin, nuashonraigh tiománaí do chárta ghrafaice nó bain triail as an tiománaí atá mar chuid de do chóras oibriúcháin. Go minic is féidir fadhbanna i dtaispeáint réada 3T a réiteach tríd an rogha "Úsáid OpenGL" a dhíchumasú in 'Uirlisí - Roghanna - LibreOffice - Amharc - Amharc 3T'.
Ní féidir ach aicearraí méarchláir (teaglamaí eochracha) nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in LibreOffice. Mura n-oibríonn teaglaim eochracha in LibreOffice sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair LibreOffice, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socraithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in LibreOffice a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach i gcáipéisí cabhrach LibreOffice nó do chórais oibriúcháin.
Tá glasáil comhaid cumasaithe mar réamhshocrú in LibreOffice. Ar líonra a úsáideann an prótacal NFS (Network File System), ní mór deamhan glasála do chliaint NFS a bheith ar siúl. Chun glasáil a dhíchumasú, cuir an script soffice in eagar agus athraigh an líne "export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING" go "# export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING". Má dhíchumasaíonn tú glasáil, beidh daoine seachas an duine a d'oscail an cháipéis i dtosach báire in ann scríobh air.
Rabhadh: is féidir an ghlasáil chomhad a bheith freagrach as fadhbanna le Solaris 2.5.1 agus 2.7 agus iad úsáidte le Linux NFS 2.0. Más amhlaidh do thimpeallacht chórais, moltar go láidir úsáid na glasála comhad a sheachaint. Murach sin, stopfaidh LibreOffice má dhéantar iarracht comhad a oscailt ó chomhadlann atá feistithe le NFS ó ríomhaire Linux.
Chun tuilleadh eolais maidir le gnéithe inrochtaineachta LibreOffice a fháil, féach ar http://www.openoffice.org/access/
Caith seal beag, le do thoil, agus cláraigh an táirge tar éis duit an bogearra a shuiteáil. Cé go bhfuil an clárú roghnach, molaimid duit é mar cabhróidh an t-eolas leis an gcomhphobal bogearra níos fearr a fhorbairt agus riachtanais na n-úsáideoirí a fhreagairt go díreach. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal LibreOffice gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint. Má chaill tú an clárú ag am suiteála, is féidir leat filleadh agus clárú am ar bith trí "Cabhair - Clárú" a roghnú ón phríomh-roghchlár.
Tá Suirbhé na nÚsáideoirí ar líne freisin agus molaimid duit é a líonadh. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé le LibreOffice bogadh níos tapúla i dtreo ardchaighdeáin a bhaint amach i gcruthú an bhogearra oifige is nuaí. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal LibreOffice gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint.
Za podršku unutar zajednice OpenOffice.org korisnika u Srbiji posetite http://sr.openoffice.org/podrska.html . Dopisna lista na srpskom jeziku je dostupna na e-adresi users@sr.openoffice.org. Posetite prethodnu stranicu da saznate o pretplati na listu i pretražite javno dostupnu arhivu.
За подршку унутар заједнице OpenOffice.org корисника у Србији посетите http://sr.openoffice.org/podrska.html . Дописна листа на српском језику је доступна на е-адреси users@sr.openoffice.org. Посетите претходну страницу да сазнате о претплати на листу и претражите јавно доступну архиву.
Ar an bpríomhleathanach tacaíochta http://support.openoffice.org/ gheobhaidh tú ábhair chabhrach éagsúla le haghaidh LibreOffice. Seans go bhfuil freagra ann cheana féin ar do cheist - féach san Fhóram Comhphobail ag http://user.services.openoffice.org nó cuardaigh cartlann an liosta ríomhphoist 'users@openoffice.org' ag http://www.openoffice.org/ma il_list.html. Nó, tig leat ceist a sheoladh chuig users@openoffice.org. Mínítear conas is féidir clárú leis an liosta (sa chaoi go bhfaighfidh tú freagra ríomhphoist) ar an leathanach seo: http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Website/Content/help/mailinglists.
Féach ar na Ceisteanna Coitianta chomh maith, ag http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Documentation/FAQ.
Is ar shuíomh Gréasáin LibreOffice atá IssueZilla, an córas s'againne le haghaidh tuairiscí a thabhairt ar fhadhbanna agus ar fhabhtanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Is é tuairisciú beoga ar fhadhbanna ceann de na rudaí is tábhachtaí ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú an bhogearra.
Rachadh sé go mór chun sochair Chomhphobal LibreOffice dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo foinsí oscailte.
Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn thú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fadtéarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ag http://www.openoffice.org
Is éard ab fhearr a dhéanamh le tosú ag cuidiú ná clárú le liosta nó dhó, bí ag cúlchoimhéad ar feadh tamall, agus na cartlanna ríomhphoist a úsáid chun taithí a fháil ar na hábhair a pléadh ó scaoileadh amach cód foinseach LibreOffice i mí Dheireadh Fómhair 2000. Nuair a bheidh tú ar do shuaimhneas, níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun tú féin a chur in aithne do dhaoine, agus ar aghaidh leat. Má tá taithí agat ar thionscadail fhoinsí oscailte, féach an bhfuil aon rud a d'fhéadfá cabhrú leis ar ár liosta de rudaí atá le déanamh ag http://development.openoffice.org/todo.html.
Seo roinnt de liostaí ríomhphoist an tionscadail ar féidir leat clárú leo ag http://www.openoffice.org/mail_list.html
Nuacht: announce@openoffice.org *molta do gach úsáideoir* (trácht beag)
Príomhfhóram na n-úsáideoirí: user@openoffice.org *slí furasta le bheith ag cúlchoimhéad sna díospóireachtaí* (trácht mór)
Tionscadal margaíochta: dev@marketing.openoffice.org *níos mó ná forbairt* (trácht ag éirí mór)
Liosta ginearálta do chuiditheoirí cóid: dev@openoffice.org (trácht measartha mór)
Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí oscailte seo fiú mura bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh bogearraí nó ar ríomhchlárú. Tusa!
Ag http://projects.openoffice.org/index.html gheobhaidh tú raon tionscadal ó Logánú, Iompar agus Bogearraí Grúpa, go tionscadail chódála. Mura bhfuil tú i d'fhorbróir, féach ar an Tionscadal Doiciméadaithe nó ar an Tionscadal Margaíochta. Tá Tionscadal Margaíochta OpenOffice.org ag úsáid modhanna traidisiúnta tráchtála agus modhanna nua chun bogearraí le foinsí oscailte a chur ar an margadh, agus déantar é thar theorainneacha teanga agus cultúir. Mar sin, is féidir leat cabhrú tríd an scéal a scaipeadh agus eolas a thabhairt do do chairde faoin mbogearra oifige seo.
Cabhraigh linn trí pháirt a ghlacadh sa Líonra Margaíochta, anseo: http://marketing.openoffice.org/contacts.html, áit inar féidir leat bheith i do phointe teagmhála do na meáin, gníomhaireachtaí rialtais, comhairleoirí, scoileanna, grúpaí úsáideoirí Linux agus forbróirí i do thír agus i do chomhphobal áitiúil.
Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le LibreOffice 3.3 agus go mbeidh tú linn ar líne.
Comhphobal OpenOffice.org
Portions Copyright 1998, 1999 James Clark. Portions Copyright 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.